Translation Ireland – Call for papers

News
Special issue of Translation Ireland: Translation and Death

Winter Solstice Newgrange

Guest editors:
Dr Trish Van Bolderen and Dr Sarah Berthaud
Association of Translators and Interpreters Ireland

Ireland is rich in folklore and rituals associated with death, most notably through Halloween and tales of the afterlife and the other world. What do death and translation have in common? Perhaps most fundamentally, both notions have a tendency to be suppressed, skipped over, feared. It may therefore come as no surprise that little has been said about how the two phenomena intersect. Yet there is plenty to discuss in terms of the practical and conceptual interplay between them. How does death affect — e.g, compel, restrict, reimagine — translation? What roles do translators and interpreters play in the experience of communities, languages, and concepts that are dying, deceased or in mourning? How do translations/interpretation and translators/interpreters negotiate death?

The next issue of Translation Ireland (vol. 22, no. 1) will address the multiple relationships between death and translation/interpreting. Possible topics for contributions may include:

  • translating/interpreting dead or dying (endangered) languages
  • copyright issues surrounding the translation of works by deceased authors
  • interpreting in palliative care
  • interpreting on death row
  • cross-cultural translations of euphemisms for or associated with death
  • translation and various cosmologies of death (Indigenous, pagan, religious, etc.)
  • eco-translation, species extinction and biodiversity loss
  • translation in death camps
  • translation/interpreting and famine
  • translation and funerals (in reality, in fiction, etc.)
  • interpreting and dark tourism
  • interpreting the deceased and/or dying in crisis situations
  • translation and la petite mort
  • translation and Freud’s death drive
  • translation/interpreting and suicide
  • translation and death metal
  • translation and goth (literature, aesthetics, communities, etc.)
  • the death of the translator in the age of neural machine translation (NMT) and artificial intelligence (AI)
  • the death of Translation Studies and/or translation training in the age of neoliberal approaches to third-level education

We welcome full-text submissions from practitioners and scholars alike. We are interested in receiving contributions of various kinds, including think pieces, personal accounts, academic articles, and translations of works on the theme of death.

Contributions should be written in English or in Irish, be no more than 5,000 words in length, and adhere to the journal’s style guidelines, available here. Contributions should also include a 150-word abstract, summarising the contents of the submission.

The deadline for submitting contributions is 1st November 2024, to coincide with the Day of the Dead. Authors will be informed by 24th January 2025 as to whether their submission has been accepted.

Please send contributions (as email attachments: Word file or equivalent, Times New Roman, 12 pt font) and any enquiries to Trish and Sarah (translationireland@atii.ie).

***

Gairm ar Pháipéir

Saineagrán de Translation Ireland: Aistriúchán agus Bás

Aoi-eagarthóirí:
Dr Trish Van Bolderen agus Dr Sarah Berthaud
Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann

Tá Éire lán le béaloideas agus deasghnátha a bhaineann le bás, trí Oíche Shamhna agus scéalta an tsaoil eile agus an alltair go háirithe. Cad atá i bpáirt acu idir bás agus aistriúchán? An rud is bunúsaí, b’fhéidir, go bhfuil claonadh ann an dá nóisean a chur faoi chois, neamhaird a thabhairt orthu, a bheith in eagla fúthu. Dá bhrí sin, is beag an t-iontas nach bhfuil mórán ráite faoin gcaoi a cheanglaíonn an dá fheiniméan. Tá neart le chur faoi chaibidil maidir leis an t-idirghníomhú praicticiúil agus coincheapúil eatarthu. Cén tionchar — m.sh, iallach a chur ar, teorainn a chur le, athshamhlaigh ar — atá ag bás ar an aistriúchán? Cén róil atá ag aistritheoirí agus ateangairí in eispéireas pobal, teangacha agus coincheapa atá ag fáil bháis, atá marbh nó ag caoineadh a gcás? Conas a dhéanann aistriúcháin/ateangaireacht agus aistritheoirí/ateangairí idirbheartaíocht le bás?

Tabharfaidh an chéad eagrán eile de Translation Ireland (iml. 22, uimh. 1) faoi na caidrimh iomadúla idir bás agus aistriúchán/ateangaireacht. Cuimsíonn an liosta seo a leanas ábhair fhéideartha:

  • aistriúchán/ateangaireacht ar teangacha marbha nó atá ag fáil bháis (i mbaol)
  • saincheisteanna cóipchirt a bhaineann le haistriúchán saothar ó údair nach maireann
  • ateangaireacht i gcúram maolaitheach
  • ateangaireacht ar shraith an bháis
  • aistriúcháin traschultúrtha ar sofhriotail a bhaineann le bás
  • aistriúchán agus cosmeolaíochtaí éagsúla báis (Dúchasach, págánach, reiligiúnach, srl.)
  • éiceaistriúchán, díothú speicis agus caillteanas bithéagsúlachta
  • aistriúchán i gcampaí báis
  • aistriúchán/ateangaireacht agus gorta
  • aistriúchán agus sochraidí (i bhfírinne, i bhficsean, srl.)
  • ateangaireacht agus turasóireacht dhorcha
  • ateangaireacht agus an té atá básaithe/ar tí báis i ngéarchéimeanna
  • aistriúchán agus la petite mort
  • aistriúchán agus treallús báis Freud
  • aistriúchán/ateangaireacht agus féinmharú
  • aistriúchán agus miotal an bháis
  • aistriúchán agus rudaí gotacha (litríocht, aeistéitic, pobail, srl.)
  • bás an aistritheora i ré an measínaistriúcháin néaraigh (MAN) agus intleachta saorga (IS)
  • bás an Léinn Aistriúcháin agus/nó oiliúint aistriúcháin i ré an chuir chuige nualiobrálaigh ar oideachas tríú leibhéal

Cuireann muid fáilte roimh théacsanna iomláine ó chleachtóirí mar aon le scoláirí. Tá suim againn cinéalacha éagsúla ábhar a fháil, ailt thuairimeacha, cuntais phearsanta, ailt acadúla, agus aistriúcháin saothar ar théama an bháis san áireamh.

Ní mór ábhair a bheith scríofa i mBéarla nó i nGaeilge, gan a bheith thar 5,000 focal, agus go gcloíonn sé le treoir stíle na hirise, atá ar fáil anseo. Ba cheart go gcuimsíonn ábhair achoimre 150 focal a achoimraíonn ábhair an iarratais.

Chun dul i gcomhthráth le Lá Fhéile na Naomh Uile, is é spriocdháta le haghaidh iarratais an 1 Samhain 2024. Cuirfear eolas ar na húdair faoi 24 Eanáir 2025 ar ghlacadh lena n-iarratas.

Seol ábhair (mar cheangaltáin r-phost: comhad Word nó a chomhionann, cló Times New Roman, clómhéid 12) agus aon fhiosrúcháin chuig Trish agus Sarah (translationireland@atii.ie), le do thoil.

You Might Also Like